Wednesday, October 7, 2009

Óg nó aosta .... céasta


Is cuma cén aois atá agat, ní féidir éalú ó na hionsaithe atá an rialtas seo ag déanamamh ar phobal na tíre.


Tá séirbhísí sláinte gearrtha go dtí an cnámh cheana féin. Níl go leor banaltraí phobail ann chun cuairteanna a thabhairt ar pháístí nua-shaolta nó a máithreacha. Is ionann sin is a rá go bhfuil máithreacha óga faoi ghruaim agus páistí óga le fadhbanna feabhais nach bhfuil aitheanta go fóill agus mo Dhia na himpleachtaí a bhéas air sin amach anseo.


Tá na scoileanna sa tír i ngéarrchéim. An tseachtain seo bhí ar phríomhoide scoile cúnamh a fháil chun páipéar tóine a chur ar fáil do na páistí. Nárbh fhearr dóibh na himlitreacha, treoirlínte riaracháin agus orduithe ón Aire a stróiceadh agus a chrochad ar thairne taobh thiar de dhoras an sciobóil amuigh?


Bhí sioc ann ar maidin. An chéad sioc den gheimhreadh. Tá na duilleoga tite de na crainn agus cumhra na Samhna san aer. Marsin, tá teaghlaigh agus seandaoine ag smaoineamh ar bhreosla. Ní bhfuaireamar uilig deis cláracha gréinfhuinnimh a chur ar dhíon an tí. Táimid ag brath ar ola, gual, leictreachas. Tá an teas lárnach múctha ag go leor duine go dtí go mbeidh am an ghátair thart. Fuacht.


Seo thuas blaisíní de na fadbhanna sóisialta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Níl seo ag dó na geirbe faoi láthair. Tá agóid ann ar cén tóin dhea-bheathaithe ar chóir ar shuíocháin ró-stuáilte.


Mo náire aicme na meáin.

No comments:

Post a Comment